I gcaitheamh na h-oidhche dhóibh d'iarr Fionn de Bhearachán an fada an saoghal a bhi gearrtha amach dó nó an raibh aon fhios aige air.
Dubhairt Bearachàn d'a fhreagairt go raibh, go maith--go mairfeadh sé go bráth chun go dtiucfadh tri rigthe gan cuireadh chum a thighe i gcómhair na h-oidhche,--ar an oidhche sin go dtiucfad mac tíre chuige do mhar'ochadh é.
"Béan t'anam, mar sin." arsa Fionn, "mar tá trí righthe gan cuireadh ann so anocht."
"Cionnar a bhéadh"? arsa Bearachán, "agus gan ann acht beirt agaibh."
"Tá," arsa Fionn, "mise righ na Féinne, agur é seo lem' chois righ cúigeadh is eadh é, agus Bhran atá 'na righ ar ghadharaibh an domhain."
"O! Dia le m'anam"! arsa Bearachán, "tá mo ghnó déanta mar sin."
"Ni baoghal duit anocht pé sgéal é," arsa Fionn, "no teipfidh sé orrainn-ne."
Sé rud do dheineadar, ná é do chur fa bhéal tobáin, agus an bheirt eile bheit ag imirt fithchille ar thóin an tobáin ar eagla go dtuitfeadh riad 'na geodladh an fhard do bheior ag faire ar Bhearachán. Do dhiodar as imirt leó.
Budh ghairid dóibh gur airigheadar an t-iarmhar a' ladhairt amuigh, agus d'iarr sé ortha go h-iairmhéileach é do leogaint isteach.
Dubhrodar leis go doithcheallach, i mbasa, á leogfaidis.
Do lean sé orra, fharo gach n-fhario, agus é niosa truarghmhéilighe gach uair 'ná a chéile.
Dubhairt Fionn fé dheireadh thair thall gur chóir gur chuireadar diobh cathanna ba chruardhe 'na pé iarmhar a bhí amuigh do smachtughadh go maidhin.
D'osgladar an dorus agus do sgaoileadar isteach é, agus do shuidh sé sa' chúinne agus do leog (leig) sé air do dheith dá leigheadh (leaghadh) ag an bhfuacht. Is gearr gun tharraihg sé chuige píob, agus do thornaigh sé ar an gceól do spreagadh do b'uaibhrighe agus d'airigh aon neach riamh. Agus da ghearr 'na dhiardh sin gur thuit duine aca na chodladh thall agus duine eile, abhos, agus ap maidin nuair dhúisigheadar ni raibh fe bhéal an tobáin acht cairnin cnámh. Sin é bár Bhearacháin agaibh.]
Variations in spelling, punctuation and hyphenation have been retained except in obvious cases of typographical error.
Diacritical marks are shown as follows breve [)o] and macron[=o]. Italics are shown thus _italic_.